Full Version | Search

The Irish Medicines Board - www.imb.ie

IMB Logo

Maidir linn

Is é is misean do Bhord Leigheasra na hÉireann ná

'cosaint a chur ar fáil do shláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe agus cur leo trí rialáil a dhéanamh ar leighis dhaonna agus thréidliachta mar aon le feistí leighis, atá ar fáil in Éirinn nó a monaraítear in Éirinn le hadhaigh margaí na hÉireann nó margaí onmhairíochta'  

Is é is sprioc do Bhord Leigheasra na hÉireann ná cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht na leigheas atá ar fáil in Éirinn a chinntiú a mhéid is féidir é, i gcomhréir le heolas reatha leighis agus eolaíochta agus bheith rannpháirteach i gcórais atá deartha leis sin a dhéanamh ar fud an Aontais Eorpaigh. Sula dtugtar cead táirge leighis a úsáid, ní mór iarratas a chur chuig Bord Leigheasra na hÉireann agus ní mór go gcuimsítear na sonraí ar fad is gá a léiríonn cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht an táirge sin.   

Is é an IMB an tÚdarás Inniúil um fhorfheidmiú reachtaíochta an AE agus reachtaíochta náisiúnta a bhaineann le Fuil agus Comhábhair Fola mar aon le Fíocháin & Cealla.   Déanann baill foirne an IMB scrúdú ar ghnéithe eolaíochta an iarratais le cuidiú ó choistí an Bhoird agus ó shaineolaithe aonair agus déanann siad cinneadh ar an chothromaíocht dhóchúil idir cibé buntáiste agus cibé riosca a bhaineann leis an táirge sula dtagann siad ar chinneadh críochnaitheach. I ndiaidh dóibh úsáid leighis a cheadú, déanann an IMB monatóireacht ar chineál agus ar mhinicíocht aon fho-iarmharta a thuairiscítear.  Tá sé ríthábhachtach go dtuairiscíonn gairmithe cúraim shláinte dochair amhrasta agus lochtanna amhrasta cáilíochta, as siocair gur chuid thábhachtach de ról Bhord Leigheasra na hÉireann. Ina theannta sin, tá sé de fhreagracht ar shealbhóirí údaruithe táirge an IMB a choinneáil ar an eolas maidir le tarluithe a d’fhéadfadh iarmhairtí féideartha sábháilteachta bheith ar a dtáirgí mar gheall orthu.  

Déanann Bord Leigheasra na hÉireann monatóireacht ar cháilíocht na leigheas fosta trí chigearachtaí a dhéanamh ar láithreáin monaraithe agus dáileacháin leigheas agus trí shampláil randamach a dhéanamh ar tháirgí, roimh údarú agus i ndiaidh údaraithe araon. Tá úsáid leigheas ar chúiseanna taighde chliniciúil laistigh de théarmaí tagartha an IMB freisin.  Mar an chéanna, i gcás leigheas tréidliachta ní mór dearbhú cáilíochta, sábháilteachta agus éifeachtúlachta a bheith ann ach ina theannta seo ní mór iarmhairtí ar shláinte an duine a bhreithniú agus an IMB ag plé le húsáid leigheas ar ainmhithe.  

Chomh maith lena ghníomhaíochtaí rialála forfheidhmíonn Bord Leigheasra na hÉireann cuid mhór de na rialúcháin a bhfuil freagracht ag an Bhord dóibh.  Áirítear ar na gníomhaíochtaí forfheidhmithe fiosrúchán ar sháruithe féideartha rialúchán agus d’fhéadfaí réimse beart a úsáid, ionchúiseamh san áireamh.


Date Printed: 02 September 2010

© Irish Medicines Board 2010 | Developed by Engine Solutions www.engine.ie

Address: Kevin O'Malley House, Earlsfort Centre, Earlsfort Terrace, Dublin 2, Ireland.
Tel: 353-1-676 4971